Fáilte chuig an gCóras Fiosraithe Pleanála do Comhairle Contae Chorcaí 
Más é seo an chéad uair duit cuairt a thabhairt ar an suíomh seo léigh na treoracha/riachtanais seo leanas go cúramach sul má théann tú ar aghaidh chuig an gCóras Fiosraithe Pleanála.


Maidir leis an suíomh seo

Ceadaíonn an Córas Fiosraithe Pleanála arlíne seo duit rochtain a fháil chuig cóip de bhunachar pleanála 'beo' Comhairle Contae Chorcaí, a thugtar suas chun dáta go laethúil. Ceadaíonn an córas seo duit cuardach a dhéanamh le Uimhir Pleanála, Ainm an Iarrthóra, Láthair na Forbartha agus/nó Dáta an Iarratais.


Riachtanais an Chórais

Riachtanais do Thaifeach Scáileáin (Screen Resolution)

Chun barr feabhais a chuir ar fheiceálacht na mapaí, moltar go socrófaí taifeach scáileáin do ríomhaire ag 1024 x 768 ar a laghad. Feidhmeoidh an clár ar thaifeach níos ísle ach ní bheidh an éifeacht iomlán ag an dtaispeántas.


Teicneolaíocht GIS agus MapGuide agus íoslódáil atá riachtanach 

Cuirtear gné mhapála an chórais seo ar fáil ag úsáid AutoDesk MapGuide 6.5, teicneolaíocht GIS (Córas Eolais Tíreolaíoch) idirlín. Ceadóidh an comhéadan duit idirghníomhú leis an mapa, ag úsáid uirlis peanála agus súmála chun réimse leatha mapáil a fheiceáil don cheantar a bhfuil suim agat ann.

Tá uirlis “Where is” in úsáid ag an gcóras freisin a cheadaíonn duit ceantair áirithe spéise a chuardach agus a aimsiú ar an mapa. Chun go mbeadh an fheidhmiúlacht seo ar fáil beidh ort Breathnadóir atá ar fáil saor in aisce ó Autodesk a íoslódáil agus a inshealbhú . Cliceáil ar an nasc thíos le dhul chuig suíomh Autodesk agus íoslódáil an breathnadóir nó lig don gCóras Fiosraithe Pleanála é a íoslódáil agus a insealbhú go huathoibríoch. Ní gá an phróiseas seo a dhéanamh ach uair amháin.



Téarmaí Úsáide:

Tá an mhapáil atá ins an gClár Fiosraithe Pleanála curtha ar fáil le cead Suirbhéireacht Ordanáis na hÉireann. Is sárú ar dhlíthe cóipchearta é aon atáirgiú neamhúdaraithe agus d’fhéadfadh ionchúiseamh nó imeachtaí sibhialta a bheith mar thoradh air.

Chun leanacht ort agus úsáid a bhaint as an gCóras Fiosraithe Pleanála cliceáil an cnaipe ‘Glacaim’ seachas sin cliceáil an cnaipe ‘Ní Ghlacaim’